Monday, November 28, 2005

Táim ar ais tar éis deireaidh beagán crua seachtaine. Mar sin féin, táim cinnte nach raibh sé chomh crua leis an deireadh seachtaine a mbeimid ag aistriú ina rith chuig an árasán nua. Faoi dheireadh, tá na leabhair go léir, na dlúthdhiosaí go léir agus na ceirníní go léir pacáilte i mboscaí ar a lagadh. Anois nach fhanann ach na héadaí agus an troscán. Ní choinneoidh mé ach beagán ball troscáin. Tabhairfaidh mé an chuid eile uaim chuig siopa a dhíolann rudaí athchaite.

Mothaím mar a bheadh barraíocht rudaí atá orm faoi láthair. Scrúdú cainte Déardaoin, scrúdú scríofa Dé Luain, scrúdú cainte eile Déardaoin seo chugainn. Is fuath liom óráid a thaibhairt os comhair a lán daoine. :( Bhuel, b'fhéidir gur beagán áibhéalach 'a lán' a rá. Beidh naoi nó deich duine ann, ach is leor liom é. Bhuel, sin an saol agat. Inseoidh mé an scéal iomlán daoibh Dé hAoine.

Thursday, November 24, 2005

Hm, cén fáth a scríobhtar blog as Gaeilge? Cheapfaí nach bhfuil aon duine ar bith ar mhaith leis é a léamh nó aon duine ar féidir leis é a thuiscint ach oiread. Ceapann a lán daoine féin go bhfuil Gaeilge teanga marbh nach labhraíonn aon dhuine a thuilleadh. Tá sé sin i bhfad ón bhfírinne.

Ar aon chaoi, b'fhéidir go bhfuil sé mar sin, nár mhaith le haon duine ar bith mo bhlog a léamh, ach is maith liom an teanga seo agus ba mhaith liomsa é a fhoghlaim, agus sílim gur bealach maith é seo é a dhéanamh, bealach chomh maith le chéann eile.

Mar sin féin, tá súil agam go léifear é. :)

Dia daoibh agus fáilte romhaibh go "Bealach mo shaoil", i.e. mo bhlog féin. Bainfidh mé úsáid aisti chun mo chuid Gaeilge a cleachtadh, go príomha le greann, mar sin féin. Is Déardaoin inniu, agus inniu a rachaidh mé go dtí mo bhaile mór féin (ní hé sin é roimh i bhfad) chun mo chuid giúirléidí a phacáil (a lán giúirléidí, faraor). Táim ag aistriú go hárasán nua anois (i lár Mhí na Nollag), an chéad árasán ina bhfuilimid inár gcónaí le chéile, mo leannán agus mise. Is léise an t-árasán ina bhfuilimid inár gcónaí anois, agus tá sé róbheag (32 mhéadar cearnaithe). Níl ann ach aon seomra amháin, agus feidhmíonn sé mar seomra leapa agus seomra teaghlaigh san am céanna. Feidhmíonn an chistin mar oifig agus seomra stáidéir chomh maith. Is ceithre sheomra atá san árasán nua (tá 82 mhéadar cearnaithe ann), agus mar sin de, beidh fairsinge i bhfad níos mó againn. Táimid ag tnúth leis, go cinnte!

Bhuel, b'fhéidir gur chóir dom beagáinín a abair libh fúm féin. Is fear mé atá cúig bhliana fichead d'aois. Táim i mo chónaí i Jönköping is cathair sa deisceart na Sualainne, ar an mbruach deisceartach locha mhóir. Táim ag déanamh stáidéir ar an mBéarla ag an ollscoil anois, ach roimhe sin a bhí mé ag obair i stóras ar feadh sé bhliana déag. Chuir sé cor mór i mo chinniúnt nuair a chaill mé mo phost bliain ó shin (scéal fada é sin), ach anois a thugaim iarracht ar sult a bhaint as mo shaol. Leannán nua (bhuel, le dhá bhliain), cathair nua, árasán nua, saol nua. Níl cuma ródhona air sin, an bhfuil? :)