Tuesday, January 24, 2006

Le gairid i mo shaol:
Faoi deireadh atá scrúdú deireanach an téarma scríofa agam. Ní hé m’ábhar muirneach an stáidéar cultúir, fiú má tá sé cultúr Angla-Sacsanach, ach sílim gur éirigh liom ann gan fadhb. Ba chuid mhór stáidéir a déanamh a bhí ann, mar sin féin. Tosfaidh an téarma ina dhiaidh seo ag an 23ú lá d’Eanáir. Tugann sé sin beagán laethanta saoire dom.

Tá obair faighte ag mo chailín. Beidh sí ag obair ag Intersport mar cócaire cúnta ar feadh cúpla seachtain agus tá sí an-shásta leis sin faoi láthair. An uair seo atá sí ag obair ag teach na seandaoine i Huskvarna. Beidh sí ar ais ar fiche go dtí a cúig.

Inniu an Mháirt agus lá fuar é. Is amhlaidh nach bhfuil an lá seo chomh gaofar leis an deireadh seachtaine, buíochas le Dia. Nuair a bhíomar ag siúl abhaile oíche Dé Sathairn, bhí sé mar a bheadh an ghaoth ag phriocadh ár n-aghaidheanna le míle snáthaidín.

Inné an chéad lá den téarma nua. Bhí glaoch rolla ann agus fuaireamar eolas faoin gcúrsa. Sílim go bhfuil ceithrar den sheanranga a leanfaidh den chúrsa seo. Is dócha nár éirigh le cuid mhór sna scrúduithe. Ní hiontach liom é mar nach raibh siad ag tabhairt iarrachta rómhóire orthu. Tá an grúpa beagán níos lú an téarma seo agus is maith an rud é. Is é an teangeolaíocht an chéad ábhar atá ar an scéim, cúig seachtain de atá againn.

Tá áthas ar mo chailín go bhfuair sí obair, ach níl an t-am oibre chomh maith sin. Tá uirthi a bheith ag obair an lá go léir inniu, agus mar sin de, ní fhéadfaidh sé teacht abhaile anocht. Caithfidh sí an oíche a caitheamh sa teach a déirféar i bhForserum. Is ámharach an rud é gur féidir léi é a dhéanamh.

Anois atá orm pictiúr a tharraingt le haghaidh bhreithlá déirféar de mo chailín. Tá a fhios agam, is leadránach an saol atá agam faoi láthair. B'fhéidir gur lá éigin a bheidh rud suimiúil agam le n-insint daoibh.

1 Comments:

At 6:01 AM, Blogger * said...

Is fuath liom fógraí uathoibrithe!

 

Post a Comment

<< Home