Sunday, January 01, 2006

(Scríobhadh Lá Nollaig é seo.)

Inniu Lá Nollaig. Táim i Smålandsstenar anois agus táimid ag ullmhú dul chun na eaglaise. Seo an chéad uair a fanaim le mo thuistí i mo sheanseomra leapa ón lá a bhog mé amach as teach mo thuistí. Is aisteach liom é. Ní hé mo bhaile an baile mór seo a thuilleadh. Bhí sé ina bhaile dom ar feadh sé bhliana is daichead, ach níl sé a thuilleadh, ach ní miste liom... is cuma liom! Tá gráin ag cuid díom ar an mbaile mór seo... an chuid níos mó, dar liom... faoi láthair ar aon nós. Tá baile nua agam anois agus, go dóchasach, saol nua chomh maith. Anocht a thiocfaidh mo chailín anseo. Cronaím í go mór. Táim ag tnúth dul abhaile, go Kaxholmen. Sin é m’fhíorbhaile anois. Tá a fhios agam go bhfuil cuma shearbh orm, ach táim sásta ar fad go bhfuilim ag aistriú ón áit seo, faoi dheireadh.

Bain úsáid mhaith as do chuid ama mar go mbeidh sé caite gan mhoill!

0 Comments:

Post a Comment

<< Home