Saturday, January 17, 2009

Inniu an Satharn. Mar is gnách (feictear dom é) tá mo chailín ag obair ar an oileán inniu is amárach. Tá beagán obair déanta agamsa freisin inniu. Rinne mé meirge do chomhlacht eastáit. Ní raibh siad sásta leis an meirge a bhí déanta dóibh ag duine éigin eile, agus d'iarr an ríomhnuachtán, a mbíonn mé ag obair dó, ormsa meirge nua a dhéanamh. Dúirt an duine ar an ríomhnuachtán a d'iarr orm é go bhfuil siad sásta anois. Bhuel, shaothraigh mé áireamh airgid as, agus bhain mé suiltín as freisin, ar ndóigh.
Cheannaigh mé cúpla leabhar ó Litriocht arís. Foclóir Ceoil, Cuir Gaeilge air le Antain Mac Lochlainn agus cnuasach de ghearrscéalta le Pádraig Mac Piarais. Is leabhar dháteangach an leabhar leis na gearrscéalta, agus cé go bhfuil na scéalta beagán simplí, is fiú d'am iad a léamh. Níl na scéalta go léir léite agam fós, ach go dtí seo is é Eoghainín na nÉan an scéal is fearr liom. Bain sé deoir féin nó dó asam. Bhuel, uaireanta, bíonn an deoir i ndeas don tsúil agam nuair atáim ag léamh leabhar brónach nó ag féachaint ar scannán le deireadh brónach.
Anois, tá orm beagán oibre a dhéanamh le suíomh gréasáin. Tá súil gur féidir liom a thuilleadh a scríobh anseo amárach.

Tuesday, December 23, 2008

Tá beagnach seacht mí ann ó scríobh mé sa bhlag seo agus tharla roinnt nithe ó shin. Bím ag obair i dteach stóir le leathbhliain anuas ach tá obair eile faighte agam le cúpla seachtainí chomh maith. Déanaim meirgí fógra do nuachtán ar an idirlíon. Níl sé lánaimseartha ach is deich uair fearr an obair é sin ná an obair sa theach stóir, agus ar a laghad, is céim sa treo cheart é agus is an-mhaith an rud é sin. Is breá liom an obair sin.

Táim i m'aonar san árasán ar feadh Nollag mar tá mo chailín ag obair ar an oileán go dtí Dé hAoine, ach níl sé ró-dhona. Ós rud é go ndearna na comharsana imirce cúpla lá ó shín, bíonn sé an-chiúin sa theach anois. Anocht, beidh mé ag breathnú ar an teilifís nó DVD nó rud mar sin. Glaochfaidh mo chailín orm ón oileán faoi cheann leathuaire. Tá an Gramadach na Gaeilge as Gearmáinis íoslódáilte agam anois. Bhí an leagan Béarla agam roimhe sin ach fuair mé amach nach raibh roinnt nithe cuimsithe san aistrúchán. Fuair mé roinnt bheag eile de rudaí nach raibh a fhios agam roimhe sin, agus is maith an rud é sin chomh maith.

Féachfaidh mé mé féin a chur chun cinn agus tuilleadh a scríobh ar an mblag seo as seo amach. Tá dóchas agam go mbeidh mé in ann é a dhéanamh gach lá.

Sunday, June 01, 2008

Domhnach inniu agus is róthe an lá é. Feictear dom nach bhféadtar a bheith ag fuasoid faoi aimsir bhreá, ach tá sí róbhreá inniu. Ní mór an mhian liom aon rud a dhéanamh. Is róthe rud a dhéanamh amuigh, agus níl a fhios agam faoin spéir anuas cad a dhéanamh istigh ach féachaint ar an teilifis nó 'Star Trek'. Tá rinn cholgach ar mo chailín agus níl a fhios ar bith cén fáth. B'fhéidir go mbaineann sé leis an aimsir. Tá tuirse orainn araon agus níl an teas ag cur feabhais air.

Sunday, February 24, 2008

Tháinig an tEarrach chugainn inniu, go hoifigiúil. Is cinnte gurb earrachúil an aimsir é a bhí ann roimhe seo le tamall scothmhaith anuas, ach de réír na meitéareolaithe a bhfuil slata tomhais acu faoi na rudaí seo, a chaithfidh an méanteocht laethúil a bheith thar nialas céim le linn cúig lae as a chéile ó 15 Feabhra amach. Is maith an rud é go bhfuil sé anseo.

Tá an chaoi a bhfuil ar an scoile beagán níos fearr, ach caithfidh mé fáil amach téama eile do m'obair scrudaithe. Ba é mo smaoineamh go déanfainn mé roinnt léarscáileanna don Údarás Bóithre, agus bhí an uile go maith mar a bhí go bhfaca mé nach obair go leor atá ann le maireachtáil na 160 uaireanta a éileofar orm caitheamh ina cheann chun bheith in ann obair scrudaithe a thabhairt air. Mar sin de, táim anseo agus mé gan smaointe aríst. Is fíor é go bhfuil iarracht de smaoineamh agam an obair atá déanta agam sa chluiche rólglactha Vexillium a chur le chéile, ach táim in amhras an bhfuil fiúntas tradálach ar bith ann. I ndáirire, an íocfadh duine ar bith chun a bheith in eolas ar thír shamhlaithe?

Sunday, February 03, 2008

B'fhéidir gur chóir dom an deis a thapú na tionscadail scoile atá mé a dhéanamh faoi láthair a tháispeáint. Gach seachtain a chuireann ár muinteoir tasc orainn agus bíonn seachtain againn an tasc a dhéanamh. Baineann gach uile thasc le fograíocht ar dhóigh nó ar dhóigh eile. Go dtí seo tá cúig thasc curtha orainn.

Baineann an chéad cheann le páipéar beartán chuig bronntanais Nollag. Insíodh dúinn go ndéanfaimis le haghaidh siopa bréagán é darb ainm "Play Planet" (Pláinéad Imeartha). Ba é mo smaoineadh go mbainfeadh mé úsáid de dathanna a lógó (uaine, bán, flannbhuí) agus chuir mé samplaí air de rudaí atá le díol sa siopa. Tá mé scothshásta leis.

Le garraithe don mhargadh a bhaineann an dara tasc. Bhíomar le hainm a thabhairt ar chomhlacht nua. Bunfaidh triúir mná garraithe agus ba mhaith leo ainm a bheith acu mar chomhartha a spraoi agus a n-óigeantachta. Thug mise "Babylon Garden" air, ach ba é smaoineadh ár muinteora gur ainm club oíche a bheadh ann.

Ba é an tríú tasc cúig stampaí poist a dhearadh don Sualainn chun í a chur chun cinn san Eoraip ó sa domhan féin. Ba é mo rogha é cúig rudaí a thogadh is maith leis an tSualainn a dtáispeáint agus atá samplach de rudaí Sualannacha. Thogh mé rudaí a fhéadtar geall leis an focal "Sweden" a dhéanamh leis na túslitreacha desna focail sin aistrithe go Béarla, is iad sin grian an mheán oíche(midnight sun), leas sóisalach (welfare), oideachas (education), daonlathas (democracy), dúlra (nature). Ní smaoineamh ródhona a bhí ann, ach ní raibh sé rómhaith ach oiread.

Ba é an t-aran briosca an ceathrú tasc. Ní rinne mé eisean. Bhí mo cheann folamh go hiomlán ó smaointe, agus mothaigh mé mar nár gheobhainn aon smaoineamh ar rud ar bith choíche aríst. Tar éis curtha i láthair desna smaointe a bhí againn (bhuel, na daoine againn a bhfuil smaointe acu), fuair mé an smaoineamh "Stay crisp". Ní raibh sé ródhona ach chuaigh sé rómhall.

Boiscín gumaí nicitín a dhearadh a bhí sa chúigú tasc. Mheas mé go raibh smaoineamh scothmhaith agam, ach ní raibh an cur i láthair chomh maith leis. Chreid mé go raibh an pdf ceart curtha agam ar an méaróg USB, ach ní raibh. Chuir sin aiféaltas orm.

Bhuel, tá saoire againn anois a dtugtar saoire spóirt air, seachtain a caitheas a lán daoine ar na sléibhte ag sciáil.

Tuesday, January 29, 2008

Arán briosca! Cad atá ann le déanamh le harán briosca? Is é an tasc atá agam go dtí Dé hAoine. Tá orm smaoineamh a dhéanamh ar fhógraíocht le haghaidh déantóra aráin briosca. Níl aon smaoineamh air i mo cheann bocht. Bhuel, tá beagán smaointe agam air, ach níl aon cheann acu is fiú a lua. Tá siad go léir ag tarraingt ó imeartais focal den chinéal is measa.

Aimsigh suíomh an-mhaith ar an idirlíon ar a bhfuil na céadta seanleabhar scanta faoi mhórán rudaí suimiúla. Mar shampla, tá mórán acu faoin nGaeilge agus i nGaeilge, scríofa leis an seanchló agus leis an seanlitríocht. Is breá liom iad a léamh. Is mórán a bhíos mé a fhoghlaim agus mé á dhéanamh. :)

Friday, January 25, 2008

A Dhia mhóir! Níor scríobh mé ar an mblog seo le bliain mhór fhada. Bhuel, mar a síltear, is beag idir mo shaol inniu agus mo shaol ansin. Bíonn mé ag staidéar go fóill ar dhearadh grafach agus cumarsáid, agus táim sa leathbhliain dheireanach anois. Mothaím go bhfuil a lán obair le dhéanamh againn, ach ní bhraithim i gcónaí go bhfuil sé ionam é a dhéanamh. Uaireanta a shílim gurbh'fhearr liom a bheith ag obair ina áit, i bpost éigin, cibé ar bith cá raibh sé, ach, ar ndóigh, tá a fhios agam go mbeadh ionann é sin agus géilleadh agus an deis a fhailliú rud maith a dhéanamh de mo shaol. B'fhéidir go raibh cúis ann nuair a chaill mé mo phost. Scaití a shamhlaítear dom go bhfuil na 16 blianta sa stór caillte agam, amhail is dá mbeadh sé amuigh agam orm féin an deis seo a tugadh dom a thapú.