Friday, December 16, 2005

Inniu an Aoine. Sílim gur éirigh liom ag an scrúdú. Níl teangaíocht chomh casta sin, níl ann ach a lán tearmaí agus tá ort a fhios féin a bheith agat. Is deacra an t-aistriú a shocrú. Ní thaínig an troscán inné mar a ghealladh dúinn. Tiocfaidh siad, le cuidiú Dé, an tseachtain seo chugainn. Tá am lóin ann anois. Feicfidh mé roimh i bhfad sibh go léir!

Thursday, December 15, 2005

Ba cheart dom staidéar a déanamh anois mar go scríobhfaidh mé scrúdú teangeolaíochta amárach. Séard is breá liom teangeolaíocht de ghnáth, ach feictear dom go bhfuil barraíocht rudaí ar siúl i láthair na huaire, leis an aistriú thar gach uile ní. Thoiligh an doirseoir agus mise go mbuailfimis le chéile ag an oifig i gKaxholmen inné ar leathuair tar éis a naoi ar maidin agus thabhairfadh sé na heochracha dom. Chuaigh mé ansin ach tar éis fanacht dom ar feadh thart ar dhéag nóiméad a ghlaoigh mé air. Bhí sé sa bhaile le páiste tinn! Ansin a thoilíomar go dtabhairfadh sé na heochracha leis go Jönköping tráthnóna. Fadhb ar bith! Ansin a ghlaoigh mé ar IKEA mar go bhfuil troscán ordaithe againn agus tá mé ag brath go seachadfar inniu é. Ar chuma eile a thiteann ár bpleanáil as a chéile. Baineann beagán moille de ach tá cuma mhaith ar an scéal mar sin féin agus le giota áidh a éireoidh linn! An deireadh seachtaine seo a tharlaíonn an t-aistriú mór. Gheobhaidh sibh scéala uaim an chéad uair eile ó Kaxholmen.